x

LibreOffice Technology

Is toradh deich mbliana de ghníomhaíocht dhian ar chód foinse oscailte an bhogearra í Teicneolaíocht LibreOffice, arna comhordú ag an Coiste Stiúrtha Innealtóireachta agus arna cur i gcrích ag forbróirí, innealtóirí bogearraí, saineolaithe slándála, agus speisialtóirí comhéadain agus taithí úsáideora ó go leor cleamhnaithe.

Ba é cuspóir an phróisis éabhlóidigh seo ardán bogearraí aonair a chruthú le haghaidh táirgiúlachta aonair ar dheasc, ar fhóin phóca agus ar an scamall: an t-aon chur chuige a bhí in ann na gnéithe idir-inoibritheachta a thairiscint d’úsáideoirí a chuireann ar chumas comhroinnt thrédhearcach an ábhair go léir, agus neamhspleáchas ó dhíoltóirí tráchtála aonair agus straitéisí glais díoltóra.

Infographic a thaispeánann an difríocht idir LibreOffice agus sraitheanna oifige dílseánaigh nó oscailte maidir leis an ngaol idir ardáin, formáidí doiciméad agus innill bhogearraí

Sa lá atá inniu ann, tá teaghlach mór táirgí bunaithe ar Theicneolaíocht LibreOffice, don deasc (le leaganacha pobail agus optamaithe d’fhiontair), don scamall, d’Android agus iOS, agus do Chrome OS. Úsáidtear Teicneolaíocht LibreOffice laistigh de tháirgí níos mó freisin chun formáidí doiciméad a thiontú agus a phróiseáil. Scaoileann eagraíochtaí éagsúla na táirgí seo agus tá ainmneacha branda éagsúla orthu, ach roinneann siad an t-inneall coiteann céanna chun na buntáistí uathúla céanna a thairiscint d’úsáideoirí i dtéarmaí idir-inoibritheachta, athléimneachta, stóinseachta agus slándála.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an páipéar bán.